top of page
Ó Luain Mockup.png
Cath idir an Pobal agus an Murder Machine:
Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023

Tugann an Dr. Kerron Ó Luain iniúchadh leitheadach ar chaoga bliain de ghluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn. Bunaithe ar thaighde staire béil, chomh maith le foinsí cartlainne agus meán, tugann an saothar seo léargas ar leith ar an gcaoi ar oibrigh pobail ar fud na hÉireann chun earnáil iomlán nua Gaelscolaíochta a thógáil, go minic d’ainneoin fórsaí stáit, coilíneacha agus nualiobrálacha.

​

Roimh do Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta teacht in inmhe sna 1970í is beag duine a shamhlódh go mbeadh fás as cuimse i ndán do scoileanna lán-Ghaeilge na tíre. Bhí drochbhail ar an nGaelscolaíocht in Éirinn, í ag dul i léig, faoi ionsaí ag an earnáil stáit sa dá dhlínse agus gan tacaíocht i gceachtar acu. In Cath idir an pobal agus an Murder Machine: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 déantar anailís ar an gcaoi ar éirigh le gnáth-Ghaeil an taoide a iompú. Baintear leas as breis agus caoga agallamh le gníomhairí agus oideachasóirí, mar aon le nuachtáin na linne agus cáipéisí stáit, chun forbairt na gluaiseachta a chíoradh. Anailís ghéarchúiseach atá sa leabhar, trí lionsaí an díchoilínithe agus aicme, ar ghluaiseacht fhorásach arbh éigean di dul in adharca le córais chaipitleacha agus choilíneacha an dá stát, nó an murder machine, chun a spriocanna a bhaint amach. 

​

Déanann an saothar ceannródaíoch seo, an chéad fhoilseachán de Bhradán Feasa, inphrionta de Iskra Books, an stair áitiúil a nascadh le léargais idirnáisiúnta ar ghluaiseachtaí teanga agus streachailtí oideachais. Is cuntas staire agus teistiméireacht phoiblí é, ag nochtadh na féidearthachta a bhaineann le múnlaí oideachais faoi stiúir an phobail agus eagrúchán ón mbonn aníos. Is acmhainn ríthábhachtach é an leabhar seo do scoláirí staire, teangeolaíochta agus oideachais, agus d’éinne atá tiomanta do thodhchaí bheo a thógáil don Ghaeilge.

$25 / £20 / €25 (Softcover)
$35 / £27 / €31 (Hardcover)
Kerron Ó Luain
Language: Irish
Binding:
 Softcover, Hardcover
ISBN: 979-8-3493-1742-2 (
Softcover), 979-8-3493-2862-6 (Hardcover)
Size: Demy Octavo 5.5" x 8.5"
Page Count: 620 pages
Publication Date: 15 May 2025

Irish Language Publications from Bradán Feasa—an Iskra Imprint.

RSCO_Classic_Newsprint 246.png

For those in Ireland, order direct (20% off) by emailing inquiries@iskrabooks.org

For information on the best way to buy direct from Iskra, visit our support page!

bottom of page